Sunday, October 8, 2017

Thing 3: Pictúir ó Pixabay

Read, For Reading, Language Development, Book, Child
CC0 Creative Commons : Free for commercial use. No attribution required

Fuair mé an griangraif seo ar Pixabay. Níor chuala mé faoi Pixabay roimh Rúdaí 23, agus is áisiuil an suíomh idirlín é chun íomhánna a fháil gan cóipcheart, nó le cead iad a úsáid gan cosc. 
Chuardaigh mé an suíomh leis na focail "library", "books", "modern library" srl. agus bhí rogha maith ann. Chuardaigh mé "Irish library" agus ní raibh ann ach ceithre íomhánna ó leabharlann Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Bhuel ní aon ionadh. Is dócha gur suíomh idirlín Meiricánach atá ann. Nuair a chuardaigh mé leis an focal "Gaeilge" fuair mé íomhánna ó muir Galilee, agus leis an focal "leabhar" fuair mé íomhánna de earraí déanta de leathar!

Fuair mé an íomhá thuas leis na focail "language books" agus thaitin sé liom. Is álainn tuismitheoirí a fheiceáil sa leabharlann ag léamh dá pháistí. De gnáth is mná iad - na máithreacha, sean-mháithreacha nó feighlí linbh. Is annamh go leor a feictear athair sa ról céanna, agus cé gur fhaca mé cúpla seanathair lena garchlann sa leabharlann, ní chuimhin liom riamh sean-athair a fheiceáil sa leabharlann ag léamh dóibh, Leigh mé gur fearr le páistí leabhar a bheith léite dóibh ó fhir ná mná, mar de gnáth déanann na fir (na haithreacha de gnáth) níos mó spraoi leis an scéal, agus bíonn na mná níos dáiríre, ag leagaint an béim ar tairbhe oideachais an leabhar. An rud is fearr b'fhéidir ná go léifeadh gach éinne dóibh ó gach gnéas agus glúin.









No comments:

Post a Comment