Saturday, October 14, 2017

Rud a 4 / Thing 4: Ripl / Quik

Bhuel d'éirigh liom an ceathrú rud a léamh agus tuigim cad tá i gceist ach....
Ar dtús rinne mé iarracht Ripl a íoslódáil ar mo fón póca, ach is gá iOS 9.0 a bheith agat, agus is dócha go bhuil iOS 0.0 nó rud níos sine ná sin ar ar mo shean fón póca nach bhuil ró cliste. Ní raibh Ripl le fáil don desktop ach oiread.
Ansin chuaigh mé go Quik, féachaint an féidir liom an app sin a íoslódáil, ach an fadhb céanna a bhí ann. Bhí gá le iOS 9.0 freisin. Ach is féidir GoPro Quik a íoslódáil ar an destop, agus tá sin déanta agam faoi dheireadh.
Ach anois, tar éis uaireanta a chaitheamh ar Rudaí 23 gan mórán toradh ar an am sin, tá sé in am dom dul a chodladh! Táim traochta tar éis sé lá oibre sa leabharlann ó Luan go Satharn. Déanfaidh mé iarracht eile amárach. Oíche mhaith.
Lion, Africa, Safari, Wildcat, Predator
Source: Pixabay



No comments:

Post a Comment