Sunday, October 29, 2017

Rud a 5 / Thing 5: Powtoon

Faoi dheireadh thiar thall d'éirigh liom Powtoon a cruthú agus seo é ag an nasc thíos:
Thing 5: Powtoon Presentation:
https://www.powtoon.com/embed/dTFUYwAfcAU/
Dochreidte - tá sé críochnaithe, déanta, tharam, taobh thiar dom!

Girl, Freedom, Climbing, Hiking
Foinse: Pixabay

Rud a 5 / Thing 5: Screencast-o-matic

D'éirigh liom taifead a dhéanamh le Screencast-o-matic, conas athnuachan a dhéanamh ar do leabhair ar líne ar suíomh idirlín den catalóg náisiúnta do na leabharlann poiblí.
Bhí sé ceart go leor an taifead a dhéanamh, ach sábháil mé é ar mo ríomhaire (an chéad & an príomhbhotún!):
"C:\Users\dearb\OneDrive\Documents\Screencast-O-Matic\Recordings\RenewBooksOnline.mp4""
In a dhiaidh sin, ní raibh mé ábalta é a uaslódáil ó mo ríomhaire go dtí mo chuntas Screencast-o-matic.

Bhí orm taifead nua a dhéanamh, agus é a uaslódáil díreach go dtí mo chuntas Screencast-o-matic. Seo thíos an nasc arlíne den taifead.
https://screencast-o-matic.com/u/iGNf/online-renewal

Sin deireadh le cuid a haon de Rud a Cúig, buíochas mór le Dia sna hairde agus gach uile naomh. Tuigim anois cén fáth nach bhfuil naoimh againn sna laethanta seo - tá an saol ró-dheacair agus na rúdaí seo ar bhun againn chun muidne a meabhrú!!
Lion, Animal, Confused, Bewildered
Foinse: Pixabay







Sunday, October 15, 2017

Ag strachaint le Rud a 4 / Thing 4: GoPro Quik & Físeán ró-mhór le OneDrive Pictures

Seo liom arís! Ag gabháil leithscéalta arís. D'éirigh liom GoPro Quik a íoslódáil ar mo ríomhaire glúine aréir, agus anocht bhí mé ag iarriadh triail a bhaint as. Bhí fadhbanna agam leis an suíomh síniú isteach ar dtús, ach d'éirigh liom faoi dheireadh. Bhí dul amú orm ar an suíomh mar tá sé dírithe ar earraí a dhíol - fearais griangraifeadóireachta srl - ceamara, drones srl, ach níl said uaim. Bhí cúpla griangriaf agam ar mo ríomhaire glúine agus bhí sé ar intinn agam físeán gairid a dhéanamh díobh. Nach mise a bhí saonta! Créatúr bocht ag déanamh a dícheall ag strachaint le saol digiteach an 21ú aois oíche Domhnach agus Othelia ag druidim linn! Deireadh an scéil ná is gá a gceamara féin GoPro a cheannach chun an suíomh a úsaid chun físeán a dhéanamh.

"Can I add 3rd party videos/photos in Quik for desktop?

· You cannot add any 3rd party media files into Quik for desktop. It will only find the original SOURCE files coming from a GoPro camera."
Sin deireadh le Quik ar an ríomhaire ar aon nós. B'fhéidir go mbainfidh mé triail as fón póca m'fhearr chéile. Beidh mé ar ais arís amárach. 

D'éirigh liom físéan gairid a dhéanamh le OneDrive Pictures ach tá sé ró-mhór agus tá na griangriaf go léir pixelated. Seo thíos:

 https://1drv.ms/v/s!AgerR3I5msyohSceNxHI3uVB5LMb
Ní gá le héinne i RTÉ bheith imníoch fúm go fóill!

Saturday, October 14, 2017

Rud a 4 / Thing 4: Ripl / Quik

Bhuel d'éirigh liom an ceathrú rud a léamh agus tuigim cad tá i gceist ach....
Ar dtús rinne mé iarracht Ripl a íoslódáil ar mo fón póca, ach is gá iOS 9.0 a bheith agat, agus is dócha go bhuil iOS 0.0 nó rud níos sine ná sin ar ar mo shean fón póca nach bhuil ró cliste. Ní raibh Ripl le fáil don desktop ach oiread.
Ansin chuaigh mé go Quik, féachaint an féidir liom an app sin a íoslódáil, ach an fadhb céanna a bhí ann. Bhí gá le iOS 9.0 freisin. Ach is féidir GoPro Quik a íoslódáil ar an destop, agus tá sin déanta agam faoi dheireadh.
Ach anois, tar éis uaireanta a chaitheamh ar Rudaí 23 gan mórán toradh ar an am sin, tá sé in am dom dul a chodladh! Táim traochta tar éis sé lá oibre sa leabharlann ó Luan go Satharn. Déanfaidh mé iarracht eile amárach. Oíche mhaith.
Lion, Africa, Safari, Wildcat, Predator
Source: Pixabay



Sunday, October 8, 2017

Rud a 3: Pictúir ar Flickr

D'éirigh liom griangriaf a chur ar mo chuntas nua Flickr
https://www.flickr.com/photos/152062658@N02/36868975514/in/dateposted-public/

Thóg mé an griangraif seo ar mo laethanta saoire i mBoston. Chonaic mé an phrása seo daite ar balla taobh amuigh de bunscoil agus mé ag siúil an mbóthar go dtí an crannlann Arnold sa chathair sin lá te teolaí nuair a bhí scáth na crainn uainn.

Thing 3: Pictúir ó Pixabay

Read, For Reading, Language Development, Book, Child
CC0 Creative Commons : Free for commercial use. No attribution required

Fuair mé an griangraif seo ar Pixabay. Níor chuala mé faoi Pixabay roimh Rúdaí 23, agus is áisiuil an suíomh idirlín é chun íomhánna a fháil gan cóipcheart, nó le cead iad a úsáid gan cosc. 
Chuardaigh mé an suíomh leis na focail "library", "books", "modern library" srl. agus bhí rogha maith ann. Chuardaigh mé "Irish library" agus ní raibh ann ach ceithre íomhánna ó leabharlann Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Bhuel ní aon ionadh. Is dócha gur suíomh idirlín Meiricánach atá ann. Nuair a chuardaigh mé leis an focal "Gaeilge" fuair mé íomhánna ó muir Galilee, agus leis an focal "leabhar" fuair mé íomhánna de earraí déanta de leathar!

Fuair mé an íomhá thuas leis na focail "language books" agus thaitin sé liom. Is álainn tuismitheoirí a fheiceáil sa leabharlann ag léamh dá pháistí. De gnáth is mná iad - na máithreacha, sean-mháithreacha nó feighlí linbh. Is annamh go leor a feictear athair sa ról céanna, agus cé gur fhaca mé cúpla seanathair lena garchlann sa leabharlann, ní chuimhin liom riamh sean-athair a fheiceáil sa leabharlann ag léamh dóibh, Leigh mé gur fearr le páistí leabhar a bheith léite dóibh ó fhir ná mná, mar de gnáth déanann na fir (na haithreacha de gnáth) níos mó spraoi leis an scéal, agus bíonn na mná níos dáiríre, ag leagaint an béim ar tairbhe oideachais an leabhar. An rud is fearr b'fhéidir ná go léifeadh gach éinne dóibh ó gach gnéas agus glúin.