Friday, March 6, 2009

Tosach maith

Bhí sé ar intinn agam (bhuel sin beagánín ró-chinnte), bhí an smaoineamh agam sular thosaigh mé an cúrsa seo i gColáiste na hOllscoile BÁC go gcaithfeadh mé cuid ama ag scríobh as Gaeilge. Cheap mé go mbeadh níos mó am saor agam ná riamh. Scríobh mé i mo leabhar nótaí beag dearg "8/9/'08: An chéad lá ar ais ag staidéar". B'shin an méid agus b'shin an rud deireannach a scríobh mé i nGaeilge ó shin! Ní dóigh liom gur féidir tosach maith a glaoch air i ndáiríre. Bhuel scríobh mé cúpla ríomhphoist as Gaeilge ag iarraidh eolas ó foilsitheoirí, údair, eagraíochtá Gaeilge le haghaidh na tionsnamh a bhí agam ach ní scríobhneoireacht cruithitheach a bhí i gceist.

Tá súil agam go leanfaidh mé ar aghaidh leis an blag seo. Tá an cleachtadh uaim. Úsáid an teanga nó caill í!