Sunday, April 1, 2012

Tempus Fugit

Rinne mé dearmad glan ar an mblag seo. Bhí mé ag iarraidh blag Roma Tearne a leanacht agus d'úsáid mé mo shean-log-in agus seo liom ar ais arís ar blag a thosaigh mé trí bliana ó shin. Mo náire! Na rúdaí a bhí ar intinn agam a dhéanamh, a scríobh, agus níl focal scríobhtha agam ó shin. Leisce náireach. Tá an t-am ag sileadh trí mo lámha cosúil le gainimh. Conas a éiríonn leis na scríbhneoirí proifisiúnta? Is dócha go gcaitheann siad a gcuid ama ag scríobh, an t-am a chaithim féin ag obair, ag tuilleadh. Ach léigh mé uair éigin rud a scríobh Maeve Binchy maidir le scríbhneoireacht agus cad a dhearna sise nuair a bhí post aici (seachas an scríbhneoireacht) agus páistí - d'éirigh sí go moch ar maidin agus thosaigh sí ag scríobh ag a cúig a chlog ar maidin, sular éirigh na páistí agus scríobh sí ar feadh dhá uair nó trí go luath ar maidin mar seo ar feadh na bliana. N'fheadar an d'fhéadfainn riamh é sin a dhéanamh. Táim ró-tugtha don leaba, agus sa tráthnóna ró-tugtha don teilifís agus don léamh. Ní dhéanann an teilifís aon maitheas dom. Ach cad mar gheall ar an léamh? An fiú e i ndáiríre? Bainim lán sult as cinnte. Is iontach an caitheamh aimsire é. Ach cá bhfuil an aimsir sin, an t-am sin á caitheamh (amach) agam? Ní féidir liom í a fháil ar ais arís. Tá sé cosúil le bheith i saol eile agus leabhar maith á léamh agam, agus tá rúdaí á fhoghlaim agam faoi tíorthaí nach bhfeicfidh mé riamh is dócha. Táim díreach tar éis leabhar le Roma Tearne, dar teideal "Brixton Beach" a léamh. Léigh mé níos mó na 400 leathanaigh thar leath-deireadh seachtaine. Bhí mé chomh tugtha leis an scéal agus an tír ina raibh an chuid is mó de lonnaithe - Sri Lanka. Is ealaíontóir í Roma Tearne agus is léir é sin ina leabhair. Tá siad cosúil le pictúirí lán-daite. Is féidir ghrian, farraige, teas, plandaí, torthaí agus cumhraí na tropaicí a shamhlú ag a leabhair á léamh agat. Bhí mé sórt uaigneach nuair a bhí an leabhar léite agam. Sin an fáth go raibh mé ar breathnú ar a blag - ag déanamh beagán spiaracht uirthi ar an idirlín. Tá leabhar nua á fhoilsiú aici i mbliana. Beidh mé ag tnúth le sin.