Friday, September 29, 2017

Thing 2 - an dara rud: Éacht & eachtraí

Bhuel, seo liom arís.
D'éirigh liom faoi dheireadh thiar thall teanga an blag seo a athrú thar nais ó Gearmáinis ar ais go Béarla. Sin éacht amháin.
An dara éacht ná gur éirigh linn líne leathanbhanda a fháil sa teach don chéad uair riamh ó tógadh an teach seo deich mbliana ó shin. Is féidir a rá go bhfuilimid tar éis an teorann digiteach a thrasnú faoi dheireadh, agus cósta an fichehaonú aois a shroichint le cúpla bliain moill. Sin an réalachas do muintir na tuaithe.
Anois tá éacht eile os mo chomhair amach. Caithfidh mé gléas nua digiteach a roghnú agus a cheannach ionas gur féidir liom leanacht leis an mblag seo. Tá sé deacair agus mall go leor blag a scríobh ar sean i-phone beag bídeach.
Beidh mé ag siopadóireacht don trealamh nua amárach.
Fé mar a dúirt an Piarsach: "Ar an ród seo romham m'aghaidh do thugas."

Saturday, September 9, 2017

Basque Gearmáinis srl ach amháin an Ghaeilge

Ach a Dhia an spraoí a bhí agam inniu leis an mblag seo! Bheadh foighne na naoimh de dhíth ort!
Rinne mé iarracht an teanga a athrú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge.
Ní raibh an Ghaeilge ann sa líosta, ach leag mé méar ar Basque gan fios dom.
Níl focal Basque agam (mo náire) agus níor éirigh liom é a athrú ar ais go Béarla go fóill.
D'éirigh liom an teanga a athrú go Gearmáinis agus anois táim ag scríobh i nGaeilge ar blag ina a bhfuil na comharthaí go léir i Gearmáinis, ag obair le méar amháin ar sean-iPhone beag bídeach!
Féach an dúshlán atá romham! Au secours!
B'fhearr dom socrú síos le mo leabhar 'The last gift' ó pheann Abdulrazak Gurnah, agus mo dhroim a thabhairt ar an mblag damanta seo.
Cad a fhoghlaim mé inniu?
Foighne.