Friday, September 29, 2017

Thing 2 - an dara rud: Éacht & eachtraí

Bhuel, seo liom arís.
D'éirigh liom faoi dheireadh thiar thall teanga an blag seo a athrú thar nais ó Gearmáinis ar ais go Béarla. Sin éacht amháin.
An dara éacht ná gur éirigh linn líne leathanbhanda a fháil sa teach don chéad uair riamh ó tógadh an teach seo deich mbliana ó shin. Is féidir a rá go bhfuilimid tar éis an teorann digiteach a thrasnú faoi dheireadh, agus cósta an fichehaonú aois a shroichint le cúpla bliain moill. Sin an réalachas do muintir na tuaithe.
Anois tá éacht eile os mo chomhair amach. Caithfidh mé gléas nua digiteach a roghnú agus a cheannach ionas gur féidir liom leanacht leis an mblag seo. Tá sé deacair agus mall go leor blag a scríobh ar sean i-phone beag bídeach.
Beidh mé ag siopadóireacht don trealamh nua amárach.
Fé mar a dúirt an Piarsach: "Ar an ród seo romham m'aghaidh do thugas."

1 comment:

  1. Go n'eirí leat, tá súil agam to dtugann siad 'Deal of the Century' duit, tar éis duit an leathanbhanda a chur isteach sa teach. Michelle.

    ReplyDelete