Sunday, October 15, 2017

Ag strachaint le Rud a 4 / Thing 4: GoPro Quik & Físeán ró-mhór le OneDrive Pictures

Seo liom arís! Ag gabháil leithscéalta arís. D'éirigh liom GoPro Quik a íoslódáil ar mo ríomhaire glúine aréir, agus anocht bhí mé ag iarriadh triail a bhaint as. Bhí fadhbanna agam leis an suíomh síniú isteach ar dtús, ach d'éirigh liom faoi dheireadh. Bhí dul amú orm ar an suíomh mar tá sé dírithe ar earraí a dhíol - fearais griangraifeadóireachta srl - ceamara, drones srl, ach níl said uaim. Bhí cúpla griangriaf agam ar mo ríomhaire glúine agus bhí sé ar intinn agam físeán gairid a dhéanamh díobh. Nach mise a bhí saonta! Créatúr bocht ag déanamh a dícheall ag strachaint le saol digiteach an 21ú aois oíche Domhnach agus Othelia ag druidim linn! Deireadh an scéil ná is gá a gceamara féin GoPro a cheannach chun an suíomh a úsaid chun físeán a dhéanamh.

"Can I add 3rd party videos/photos in Quik for desktop?

· You cannot add any 3rd party media files into Quik for desktop. It will only find the original SOURCE files coming from a GoPro camera."
Sin deireadh le Quik ar an ríomhaire ar aon nós. B'fhéidir go mbainfidh mé triail as fón póca m'fhearr chéile. Beidh mé ar ais arís amárach. 

D'éirigh liom físéan gairid a dhéanamh le OneDrive Pictures ach tá sé ró-mhór agus tá na griangriaf go léir pixelated. Seo thíos:

 https://1drv.ms/v/s!AgerR3I5msyohSceNxHI3uVB5LMb
Ní gá le héinne i RTÉ bheith imníoch fúm go fóill!

1 comment:

  1. Maith thú for persisting with this in the middle of the storm. With the drive towards mobile content, many of the apps we are using in the course are 'mobile only' and as you pointed out you were trying to do this on your ríomhaire glúine. I don't know many tools that let you make the quick videos that Quik and Photofunia will, without LOTS of subscriptions and technical know how. But I think you have tried in any case and that is the main point of this, to try out new tools. Michelle.

    ReplyDelete